Sceideal an Earraigh 2025
- Tá na cúrsaà seo dÃrithe ar fhoghlaimeoirà fásta. Tá siad seo ar fáil do chairde léinn agus do bhaill foirne na hollscoile chomh maith leis an bpobal I gcoitinne.
- Beidh na cúrsaà ar siúl ar feadh 10 seachtaine, Feabhra– Aibreán 2025 - féach an sceideal thÃos.
- An táille ná €160 (seachas an grúpa plé €50). Cuirfear eolas chugat maidir leis na roghanna iocaÃochta nuair a bheidh d'fhoirm faighte ag oifig an Aonaid. Beidh na cúrsaà ar siúl ag brath ar éileamh.
- An ráta do chairde léinn Ollscoil Luimnigh/Coláiste Mhuire gan Smál ná €80. Tá an ráta seo ar fáil do na catagóirà seo a leanas chomh maith ach an cruthúnas a sholáthar: Teifigh / Cuardaitheoirà poist / Daoine faoi mhÃchumas / Pinsinéirà (65+).
- Tá taithà mhaith ag teagascóirà Aonad na Gaeilge ar a bheith ag plé le foghlaimeoirà fásta na Gaeilge. DÃrÃtear ar straitéisà foghlama teanga go minic sna ranganna: straitéisà chun déileáil leis an mbrú a bhaineann le hearráidà teanga a dhéanamh: le deacrachtaà soiléireachta; leis an léamh amach os ard; le húsáid na Gaeilge sa phobal; agus mar sin de. Moltar d’fhoghlaimeoirà machnamh leanúnach a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanann siad agus leagtar an bhéim i gcónaà ar an bhféinmhisniú.
(Baill Foirne amháin)
Oiriúnach dóibh siúd a rinne an Ghaeilge ar scoil ach gur mhaith leo dul siar ar na bunrudaà agus a gcuid muinÃne a fhorbairt arÃs.
Bheadh an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd a raibh caighdeán measartha maith Gaeilge acu ar scoil ach a bhfuil as cleachtadh. Cuirfear an bhéim ar mhuinÃn na bhfoghlaimeoirà maidir le labhairt na teanga chomh maith lena scileanna éisteachta, léitheoireachta agus scrÃbhneoireachta. Tá rogha am lóin ar fáil don chúrsa seo freisin do chairde léinn agus do bhaill foirne na hollscoile (13.05-13.55 Dé Céadaoin). Cuir rÃomhphost chuig ciara.considine@ul.ie chun a thuilleadh eolais a fháil faoin rogha sin.
°Õú²õ»å³óá³Ù²¹: Dé Céadaoin 12 Feabhra 2025 (9 seachtaine)
Am: 18.30-20.30
Bheadh an cúrsa seo feiliúnach do dhaoine a bhfuil tuiscint mhaith nó an-mhaith acu ar an teanga agus atá ag iarraidh barr feabhais a bhaint amach i ndáil lena scileanna labhartha agus scrÃofa i gcomhthéacsanna pearsanta agus gairmiúla araon. Pléann ábhar an chúrsa seo le réimse leathan topaicà plé de chuid saol agus cultúr na Gaeilge mar aon le saintéamaà gramadaÃ. Is minic go bhfuil foghlaimeoirà ar an gcúrsa seo i ndiaidh cáilÃocht foirmiúil a bhaint amach sa teanga, bÃodh sé sin i dtéarmaà Teastas Eorpach na Gaeilge (e.g. B1) nó i réimse acadúil (e.g. Dioplóma , BA, BOid, nó MA), agus/nó teagmháil rialta acu leis an teanga ina gcuid oibre nó saol pearsanta.
°Õú²õ»å³óá³Ù²¹: Dé Céadaoin 19 Feabhra 2025 (9 seachtaine)
Am: 18.30-20.30
Is grúpa plé é seo do dhaoine le h-ardchaighdeán labhartha Gaeilge. BÃonn an grúpa faoi stiúir áisitheora agus déantar téamaà a bhaineann le cúrsaà reatha a phlé gach seachtain.
°Õú²õ»å³óá³Ù²¹: Déardaoin 6 Feabhra 2025.
Am: 0930-1100
Deis do bhaill foirne comhairle duine-le-duine a fháil ar an bhfoghlaim neamhspleách. Oiriúnach do dhaoine gur mhaith leo a bheith ag obair go neamhfhoirmiúil ar a gcuid scileanna ina gcuid ama féin. Freastalóidh rannpháirtithe ar sheisiún amháin le linn sheimeastar an Earraigh 2025.